Tabhair ról don Údarás i gcursaí tithíochta - Noel Thomas

Deir iarrthóir Éire Neamhspleách i nGaillimh Thiar, an Comhairleoir Noel Thomas, nach leor na méaduithe beaga atá déanta sa dá Bhuiséad dheireanacha don Ghaeltacht, agus go bhfuil gá le plean infheistíochta ceart, fadtéarmach.

Dúirt sé gur tugadh €1.9 milliún breise do Údarás na Gaeltachta i mBuiséad 2025 agus €2.5 milliún eile i mBuiséad 2026, ach nach bhfuil an scála sin gar don méid atá ag teastáil.

Tá Éire Neamhspleách ag moladh pacáiste idir €80 agus €100 milliún sa bhliain don Ghaeltacht, dírithe ar na rudaí is práinní:

  • €30 milliún sa bhliain do bhuiséad caipitil an Údaráis — jabanna, gnóthaí agus forbairt eacnamaíochta.

  • €20 milliún sa bhliain do Chiste Nuálaíochta agus Fiontraíochta — tacaíocht do ghnólachtaí nua agus gnólachtaí áitiúla.

  • €10 milliún sa bhliain do thacaíochtaí gnó cosúil leis na LEOanna.

  • €10 milliún sa bhliain do thithíocht agus talamh — suíomhanna a réiteach agus tithe inacmhainne a chur chun cinn.

  • €10 milliún sa bhliain do bhonneagar digiteach agus leathnú an líonra gteic.

  • €5 milliún sa bhliain do phleanáil teanga agus forbairt pobail.

  • €5 milliún sa bhliain don óige, don ealaín agus don chultúr.

  • €7.5 milliún sa bhliain d’áiseanna turasóireachta agus caitheamh aimsire.

“Tá fadhbanna móra ann — tithíocht, jabanna, bonneagar agus seirbhísí — agus ní réiteofar iad le méaduithe beaga bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt Noel Thomas.

“I gConamara agus ar na hoileáin, feicimid an fhadhb gach lá. Daoine óga ag imeacht mar nach bhfuil tithe ná deiseanna acu. Má leanann sé sin, beidh tionchar díreach aige ar an nGaeilge mar theanga phobail.”

Dúirt TD Éire Neamhspleách Michael Fitzmaurice go gcaithfear bogadh ó mhéaduithe beaga go hinfheistíocht cheart.

“Má tá muid dáiríre faoin Ghaeltacht, caithfear í a mhaoiniú i gceart,” a dúirt sé.

Mar fhocal scoir, dúirt Noel Thomas:

“Ní mhairfidh an Ghaeilge mura maireann na pobail. Caithfear na hacmhainní agus na cumhachtaí a thabhairt dóibh chun a dtodhchaí féin a thógáil.”

CRÍOCH

Previous
Previous

Rún rite Ospidéal na Ollscoile, Gaillimh a ainmnú mar infrastrctúr criticiúl

Next
Next

Seaweed harvesters concerns raised at Dáil Committee