Rún rite Ospidéal na Ollscoile, Gaillimh a ainmnú mar infrastrctúr criticiúl
Tá rún rite i Comhairle Contae na Gaillimhe ag na Comhairleoirí Noel Thomas agus Sean Cunniffe, ag iarraidh ar an Aire, Jack Chambers, Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh a ainmniú mar infrastrctúr criticiúil.
Deir an Comhairleoir Thomas go gcuirfeadh sé seo dlús mór le forbairt agus leathnú an ospidéil, rud atá géarghá leis mar gheall ar an mbrú leanúnach ar Ospidéal na hOllscoils, Gaillimh
“Tá daoine i nGaillimh ag fanacht rófhada le leapacha, le cóir leighis agus le háiseanna cuí,” a dúirt sé.
“Má tá an Rialtas in ann tionscadail eile a chur ar aghaidh go tapa mar infrastructúr criticiúil, caithfear an cur chuige céanna a úsáid don ospidéal seo.”
Deir sé go leanfaidh sé air ag cur brú ar an Rialtas chun gníomhú láithreach ar son mhuintir na Gaillimhe agus an Iarthair.
CRÍOCH