Cúramóirí ag sábháil na milliúin euro don Stát gach bliain
Deir iarrthóir i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, Noel Thomas, go bhfuil cúramóirí teaghlaigh ina gcnámh droma don tír ach nach bhfuil an tacaíocht cheart á fáil acu ón Stát.
Dúirt sé go raibh an ceart ag an Uachtarán, Catherine Connolly, nuair a dúirt sí go bhfuil cúramóirí ag coinneáil an phobail agus an chórais sláinte ag imeacht ó lá go lá.
De réir Noel Thomas, tá cúramóirí ag tabhairt aire do dhaoine aosta agus do dhaoine leochaileacha ina dtithe féin, agus dá bharr sin tá siad ag baint brú de na hospidéil agus den tseirbhís sláinte.
Dúirt sé go bhfuil sé feicthe aige le blianta anuas, agus é ag obair le clannaí ar fud na Gaillimhe, go bhfuil an fhadhb seo ag dul in olcas.
Tá ganntanas cúramóirí ann, a deir sé, agus tá sé níos deacra ar theaghlaigh na huaireanta cúraim atá uathu a fháil. Mar gheall air sin, tá níos mó agus níos mó daoine sa mbaile ag tabhairt faoin gcúram iad féin mar níl aon rogha eile acu.
Deir Noel Thomas go gcaithfear tacaíocht cheart a thabhairt do chúramóirí anois — ioncam níos cothroime, faoiseamh cúraim, agus córas tacaíochta a oibreoidh i gceart dóibh.
Dúirt sé freisin go bhfuil cúramóirí ag sábháil na milliúin euro don Stát gach bliain, agus mura dtugtar níos mó tacaíochta dóibh, go dtiocfaidh an brú sin ar ais ar na hospidéil agus ar an gcóras sláinte.
Chríochnaigh sé ag rá go bhfuil sé thar am ag an Rialtas tacú i gceart leis na daoine atá ag coinneáil cuid mhór den chóras ag imeacht.