An Rialtas ag cruthú seifteanna seachas gníomhú ar chostas maireachtála - Noel Thomas

Deir an Comhairleoir Noel Thomas go bhfuil an Rialtas ag cruthú seifteanna seachas gníomhú i ndáiríre ar chostas maireachtála atá ag cur brú ar dhaoine i nGaillimh.

Dúirt sé nach leor caint faoin mbuiséad amach anseo agus go bhfuil daoine ag streachailt anois le praghsanna bia, breosla agus cíos atá ag ardú i gcónaí.

“Tá an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, ag caitheamh smaointí amach ach níl aon rud praiticiúil á dhéanamh fós. Tá daoine faoi bhrú anois, ní féidir leo fanacht cúpla mí,” a dúirt sé.

Thug sé le fios freisin go bhfuil praghsanna bia in Éirinn i bhfad níos airde ná meán an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil mic léinn i nGaillimh ag brath ar bhainc bia — cuid acu á gcasadh thart mar nach bhfuil dóthain beatha ar fáil ionta.

“Sin an áit a bhfuil muid anois — agus níl sé ceart,” a dúirt sé.

Tá Noel Thomas ag iarraidh ar an Rialtas céimeanna praiticiúla a ghlacadh láithreach chun cabhrú le teaghlaigh, oibrithe agus mic léinn dul i ngleic leis an gcostas maireachtála.

CRÍOCH

Previous
Previous

Small businesses at crisis point

Next
Next

Independent Ireland secure council backing to seek critical infrastructure status for UHG